Bunscoil Ráth Chairn
overview
Ráiteas Misin
Is scoil chomhoideachasúil, Ghaeltachta, Chaitilceach, í
Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, Tá sé mar aidhm againn an páiste a chothú
sna gnéithe uilig dá s(h)aol – na gnéithe spioradálta, morálta, cognaíocha,
mothúchánacha, samhlaíocha, aeistéitiúla, sóisialta, fisiceacha agus cultúrtha
.
Is scoil Ghaeltachta í Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn. Is
í an Ghaeilge teanga na scoile. Déanfar chuile iarracht bród agus mórtas as
seoda na hÉireann - an teanga Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chothú sna
páistí.
Is scoil Chaitliceach í Scoil Uí Ghramhnaigh a chuireann
luachanna an tSoiscéil chun cinn.
Déanfar chuile iarracht forbairt ghairmiúil na foirne mar
aonad a chur chun cinn le cláracha forbartha foirne i Scoil Uí Ghramhnaigh,
Ráth Chairn.
Tacóidh Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, go fonnmhar le
tuismitheorí trí theangmháil idir an scoil agus an baile agus trí ghíomhaíocht
le Cumann na dTuismitheoirí.
Déanfaidh Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Cairn, iarracht
féinmheas chuile dhuine atá i bpobal na scoile a chothú. Spreagfar na páistí le
meas a bheith acu ar chuile dhuine, ar a maoin agus ar a sealúchas agus
cothófar féinfhreagracht sna páistí.
Cothóidh Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn, comhionannas
gnéis i measc na foirne agus i measc páistí na scoile.
where your money goes
Tiomsú airgid [fundraising]
Costais reatha na scoile/ everyday running costs of the schoolI
Meachtaí agus rudaí faoi leith/ special items and occasions: iPads,
gairdín, cóisir don Chéad Chomaoineach/ do Choineartú agus eile...